Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin

‘Sí an fhoghlaim bunchloch Ghaelcholáiste Charraig Uí Leighin. Tugtar tacaíocht agus dúshlán don uile dalta faoinár gcúram barr a gcumas acadúil, pearsanta agus sóisialta a a bhaint amach i dtimpeallacht lán-Ghaelach ina dtugtar tús áite do mheas, cothromaíocht agus ionracas.

Is meánscoil lán ghaelach í Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin atá faoi phatrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí. Cothaítear meas, ionracas agus cothromaíocht i measc phobal uile an Ghaelcholáiste a bhuíochas leis an mbéim a leagan ar iompar dearfach, an timpeallacht lán-Ghaelach agus an dianobair.

An aidhm atá ag Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin ná a bheith ina gceannródaithe oideachasúla a rachaidh le rath na nua h-eacnamaíochta Ghaelacha, ag neartú gach gné den mhúinteoireacht, d’ fhoghlaim agus de bhainistíocht na scoile le teicneolaíochta nua-aimseartha. Spreagtar na múinteoirí an caighdeán oibre agus iompair is airde a fháil ó na mic léinn agus a bheith i mbun múinteoireachta a thugann dúshlán do gach mac léinn barr a gcumas a bhaint amach.

 

 

 

 

 

Rayse the Game

Ar an 13ú lá de Mheán Fómhair, rinne Ray Langan ó raysethegame.com seimineáir scileanna staidéara leis an tsraith shóisearach agus leis an tsraith...

Turas go Zipit! Trip to Zipit!

Thaistil daltaí bhliain 1 go hionad eachtraíochta Zipit i gcoillte Farran le linn a gcéad seachtaine sa mheánscoil mar chuid dá n-iondochtú. Bhí lá den chéad scoth acu ag dreapadh na gcrann ann agus ag cur aithne ar ar chéile agus ar a múinteoirí ranga nua; Iníon Uí...

Bronnadh na Próifíl Gnóthachtála Scoile

Tréaslaimid le Rang Dara as ucht a bPróifíl Gnóthachtála Scoile a fháil ar an 24ú meán Fómhair. Léirigh siad go leor eochairscileanna na Sraithe Sóisearaí le trí bhliain anuas. Comhghairdeas libh uilig.

Rang Éabha i nGuagán Barra

Bhí lá den chéad scoth ag Rang Éabha i nGuagán Barra le déanaí. Chaith siad an lá ag sléibhteoireacht ann agus bhí deis iontach acu aithne níos fearra chur ar an gceantar. Is grúpa eiseamlárach iad agus is toscairí scoile den chéad scoth iad. Maith sibh a...

An Idirbhliain 2021-22

Tá tús dochreidte curtha leis an Idirbhliain i mbliana le turasanna go Baile an Easa agus Inis Píc. Araon le seo, caithfear gach Céadaoin i gCuan Oisrí agus ceardlann surfála ar siúl acu. Go n-éirí libh a dhaltaí.

Nuachtlitir an tSamhraidh 2020

Is féidir féachaint ar Nuachlitir an tSamhraidh trí bhrú ar an nasc thíos. Nuachtlitir - 2020

Comórtas an Eolaí Óig

Tá fíor Eolaí Óg ag Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin anois tar éis dhá ghradam a bhuachaint ag an gcomórtas i mBaile Átha Cliath ar an Aoine! Bhain Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin dhá dhuais mhór amach ag taispeántas an Eolaí Óg & Teicneolaíochta an tseachtain...

Nuachtlitir na Nollag 2019

Seo dhaoíbh Nuachtlitir na Nollag 2019; Nuachtlitir na Nollag
prospectus-2017